Go To Top

A Neansaí 'Mhíle Grá Lyrics

A Neansaí, 'mhíle grá, a bhruinneall 'tá gan smál,
go bhfeice mise'n t-ádh 'gus an séan ort
Ba ghile do dhá lámh ná cúr geal na trá
Ná'n eala 's í ag snámh ar an ɉirne
Ba ghlaise liom do shúil ná braon beag den drúcht
is binne liomsa thú ná na téadaí;
's mura n-éalaí tusa liomsa titfidh mise i lionndubh
is chuirfinn ins an chill 's 'do dhéidh mé

Is iomaí sin guth mná a chloisim in gach aird
abhus agus taobh thall den ɉirne
Go Corcaigh na gCuan 's go Béal Ath' na Sluaighe
'sí Neansaí thug bua ar an méid sin
A Mhuire 'gus a Dhia, nárbh aoibhinn ár saol
dá mbeinnse agus í le chéile?
Tráthnóna aoibhinn ciúin, ó, mise 'gus mo rún
ag cogarnaíl ar uaigneas na sléibhe

Beir litir uaimse suas chuig Neansaí chaoin na gcuach
is aithris di gur buartha atá mé;
Aithris di arís nach gcodlaím féin aon oíche
le harraing atá fríd mo thaobh dheas;
Aithris é dá súil, aithris é dá cúl,
aithris é dá méin mhaith chéillí;
Aithris é dá ceann 's dá béilín atá binn
Gur ghiorraigh sí go cinnte mo laetha

A Neansaí 'Mhíle Grá Lyrics performed by Clannad are property and copyright of the authors, artists and labels. You should note that A Neansaí 'Mhíle Grá Lyrics performed by Clannad is only provided for educational purposes only and if you like the song you should buy the CD


What is the meaning of A Neansaí 'Mhíle Grá lyrics?