Go To Top

An Bealach Seo 'Tá Romham Lyrics

Is minic mé ag smaoitiú
Is mé ag féachaint ar gach taobh dom
Is feicim slóite daoiní
Eadar aosta agus óg
’S iad fá dheifre shíoraí
Ag siúl an bealach chéarna
’Na bhfuil mé féin go cloíte
Ag taisteal leo sa ród

Is leanfaidh siad a choíche
Is téirim ina gcroíthe
Ag bailiú leo maoin shaolta
Ó mhaidin go neoin
Ach mise ag leanstan daofa
Ní bhfaighidh mé sos ná scríste
Go sroichí mé ceann scríbeadh
Sa bhealach seo ’tá romham

Is iomaí cor is lúbadh
San turas chun na huaighe
Is iomaí ábhar buartha
’Chasfar ort sa tslí
Ach ’s fusa iad a shárú
Le greann agus le gáire
’S a bheith i gcónaí sásta
Nó a theacht le toil an Rí

Is cuma ’dé ’tá i ndán domh
Ag Dia amháin atá a fhios ag sin
Ní bheidh mé choíche cráite
Le buaireamh ná brón
Ach cuirfidh mé mo dhóchas
I nDia mhór na Glóire
Is dhéanfaidh sé mo threorú
Sa bhealach seo ’tá romhainn

An Bealach Seo 'Tá Romham Lyrics performed by Clannad are property and copyright of the authors, artists and labels. You should note that An Bealach Seo 'Tá Romham Lyrics performed by Clannad is only provided for educational purposes only and if you like the song you should buy the CD


What is the meaning of An Bealach Seo 'Tá Romham lyrics?