Go To Top

Bhean A Ti Lyrics

Éirigí suas a thogha na bhfear
is cuirigí píce ar bharr gach cléith
Leagaigí síos iad, lucht an droch-chroí,
agus cuirigí dlí na Fraince ar bun

Is ó ’bhean a’ tí, cén bhuairt sin ort?
Ó ’bhean a’ tí, fá dhó nó trí
Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn
’s ó ’bhean a’ tí, cén bhuairt sin ort?

Tá jug ar an bhord is tá beoir ag teacht
Tá arm go leor ag Duke of York
An Francach is an Spáinneach ar bhruach na trá
agus fearr liom go mór é ná cómhrá ban

Is ó ’bhean a’ tí, cén bhuairt sin ort?
Ó ’bhean a’ tí, fá dhó nó trí
Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn
’s ó ’bhean a’ tí, cén bhuairt sin ort?

Ó shuigh mise síos ’s mo mhian le m’ais
ag ól mo cháirt dí mar dheanfadh fear
Dúirt bean a’ tí den chomhrá mhín
Gan airigead síos bí gabháil amach

’Gus ó ’bhean a’ tí, cén bhuairt sin ort?
Ó ’bhean a’ tí, fá dhó nó trí
Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn
’s ó ’bhean a’ tí, cén bhuairt sin ort?

Tharraing mé ’níos mo phíosa braic
Nach mairg a bhíos gan é, mo chreach
Labhair sí arís go carthanach caoin,
“Nach suífidh tú síos? Tá ’n siamsa ar f’ ort

Agus ó ’bhean a’ tí, cén bhuairt sin ort?
Ó ’bhean a’ tí, fá dhó nó trí
Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn
’s ó ’bhean a’ tí, cén bhuairt sin ort?

Mo chreach is mo chrá nuair a bhí mé beag
in aois mo dhá bhliain nuair a smaoinigh mé ar olc
Nach ndeachas ar bord nó in arm an Rí
sular chaitheas mo shaol ’gabháil timpeall th’ ort

’S ó ’bhean a’ tí, cén bhuairt sin ort?
Ó ’bhean a’ tí, fá dhó nó trí
Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn
’s ó ’bhean a’ tí, cén bhuairt sin ort?

Go mbristear mo dhroim fán ualach seo
má thigim arís ’cur buaireamh ort
’s a mhéad bean óg ó seo go hAbhainn Mhór
a shiúlfadh an ród ’s a nd’ólfadh deoch

’Gus ó ’bhean a’ tí, cén bhuairt sin ort?
Ó ’bhean a’ tí, fá dhó nó trí
Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn
’s ó ’bhean a’ tí, cén bhuairt sin ort?

Bhean A Ti Lyrics performed by Clannad are property and copyright of the authors, artists and labels. You should note that Bhean A Ti Lyrics performed by Clannad is only provided for educational purposes only and if you like the song you should buy the CD


What is the meaning of Bhean A Ti lyrics?