Go To Top

Chuaigh Mé 'Na Rosann Lyrics

Chuaigh mé ’na Rosann ar chuairt
gur bhreathnaigh mé uaim an spéir
is thart fá na hoileáin ó thuaidh
Mar eilit agus cú 'na diaidh
’Sé déarfadh gach duine fá’n chuan
ó tharla mé ’nuas fá’n chéidh
“Nach maith a aithnighim ar do ghruaim
gur fear thú ’bhfuil an tóir ’na dhiaidh.”

Casadh domh an ainnir dheas óg,
ach má casadh ’sí a labhair go géar:
“Más fear thú a bhaineas do mhnaoi óig,
cha mholaim ró-mhór do thrade!
Chonaic mé fear ar tír mór
is é ag siubhail gan bhróig inné;
is dóigh liom gur thusa an fear óg
is go bhfuil ort an tóir ’do dhiaidh.”

Thit muid i dtuirse ’s i mbrón
is d’fhiafraigh mé den óigbhean chaoin
“Cá bhfuighimis gloine le h-ól
a dtógfadh an brón dár gcroí?”
“Tá teach beag ar leath-taobh an ród
is coinnigheann sé i gcónaí braon –
gabh thusa agus buail ar an bhord
is ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin.”

Cha rabh muid i bhfad ag gabháil cheoil
gur chruinnigh go leor ’un toighe
achan fhear is a ghloine ’na dhorn
le comh-mhóradh a thabhairt don dís
Bhí biotáilte fairsing go leor,
cha rabh beagán dhá ól sa tír,
is dá dtarraingeoinn-sa galún Uí Dhomhnaill,
b’fhurast mo scór a dhíol

Tharla mé isteach i dtoigh an óil
agus b’fhaiteach go leor mé le suidhe
ar eagla go dtiocfadh an tóir
is go mbainfí an óigbhean díom
Nuair a fuair muid gach ní mar ba chóir
agus mheas mé gur chóir domh suidhe,
’sé duirt sí: “Bí thusa ag gabháil cheoil
is ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin.”

Nuair a lig muid dúinn tuirse is brón
’sé d’fhiafraigh an óigbhean díom
“Cá mbíonn tú ’do chónaí sa lá
nuair nach gcoinnigheann tú cró duit féin?”
“Bím-sa seal ’dtoigh an óil,
cha ndéanaim-sa lón don phingin:
An méid úd a shaothraim sa lá
a chaithim le spórt san oích’.”

Chuaigh Mé 'Na Rosann Lyrics performed by Clannad are property and copyright of the authors, artists and labels. You should note that Chuaigh Mé 'Na Rosann Lyrics performed by Clannad is only provided for educational purposes only and if you like the song you should buy the CD


What is the meaning of Chuaigh Mé 'Na Rosann lyrics?