Go To Top

Éirigh Is Cuir Ort Do Chuid Éadaigh Lyrics

Éirigh ’s cuir ort do chuid éadaigh
Go mbearraidhe mé féin do chúl
Go dté muid soir easpag na hÉirne
Go gceangaltar mé ’gus tú
Tá grá ’gus cion agam féin ort
A chuid ’en tsaol éalaigh liom
’S nach duine dona gan chéill, ó
A scarfadh ó chéile sinn

Aisling a chonaic mé aréir
Ar mo leabaidh agus mé i mo luí
Go dtáinig sí chugam mar fhéirín
Ainnir na gciabhfholt buí
Bhí a hórfholt snoite go féar léi
’s níl tuile dá mhéid nach gclaíodh
’s a Rí, cér mhiste don chléir é
Dá gcodlóinn aréir le mnaoi?

Is trua gan mise ’s mo niamh bheag
Na mílte léige ó chuan
In oileán an Chlochair Bhig Chraobhaigh
Mar a thiteas na néalta chun suain
An áit a mbíonn nead ag an éanlaith
An fiolar, an ghéag ’s an chuach
Chuirfinnse geasa ar an éan bheag
Solas an lae ’thabhairt uainn

Éirigh ’s cuir ort do chuid éadaigh
Go mbearraidhe mé féin do chúl
Go dté muid soir easpag na hÉirne
Go gceangaltar mé ’gus tú
Tá grá ’gus cion agam féin ort
A chuid ’en tsaol éalaigh liom
Órú duine dona gan chéill, órú
A scarfadh ó chéile sinn

Éirigh Is Cuir Ort Do Chuid Éadaigh Lyrics performed by Clannad are property and copyright of the authors, artists and labels. You should note that Éirigh Is Cuir Ort Do Chuid Éadaigh Lyrics performed by Clannad is only provided for educational purposes only and if you like the song you should buy the CD


What is the meaning of Éirigh Is Cuir Ort Do Chuid Éadaigh lyrics?