Go To Top

Sona Lyrics

Ag breacadh an lae do chumar ag siúl
Aoibhneas an tsaoil amach romhainn
Clocha draíochta chomh geal lenár súile
Casán ag glioscarnach dúinn

Suaimhneas na coillte is ceol inár gcroithe
Macalla fuaim an tsrutháin
Duilleoga fómhar mar ghuth ar an ngaoth
Sé nádúr is cúis lenár ngrá

A'Taisteal sa choill seo ar fán is ar fuaidreamh
Réalta geala eolais ag lonradh don rí
A'Taisteal sa choill seo ar fán is ar fuaidreamh
Clocha bána ag lasadh ár slí

Anois tá réalta a'rince sa spéir
Is an saol ina gholadh go sámh
Aislingi áille i ngairdín mo rún
Brionglóidí thart orainn ar snámh

Súile síor lasta le solas
Súile faoi gheasa na rún
Taibhreamh ar sheoda an ghairdín
Iontais nach sceithfear go buan

A'Taisteal sa choill seo ar fán is ar fuaidreamh
Réalta geala eolais ag louradh don rí
A'Taisteal sa choill seo ar fán is ar fuaidreamh
Clocha bána ag lasadh ár slí

Sona Lyrics performed by Secret Garden are property and copyright of the authors, artists and labels. You should note that Sona Lyrics performed by Secret Garden is only provided for educational purposes only and if you like the song you should buy the CD


What is the meaning of Sona lyrics?