Go To Top

A Stor A Stor A Ghra Lyrics

Bhí mé lá breá samhraidh
’mo sheasamh ar an mhargadh
Is iomaí fear a dúirt liom
“Monuar ’s gan tú sa bhaile agam”

’s a stór, a stór, a ghrá
Ó ’s a stór, a stór, an dtiocfaidh tú?
’s a stór, a stór, a ghrá
Orú an dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú?

Gheall mo ghrá domhsa
cinnte go dtiocfadh sí
Ach ní raibh a culaith déanta
Agus sin an rud a choinnigh í

’s a stór, a stór, a ghrá
Ó ’s a stór, a stór, an dtiocfaidh tú?
’s a stór, a stór, a ghrá
Orú an dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú?

Tá an t-uisce ag teacht ón Éirne
’s tá an féar ag teacht ó neamh chugainn
Tá utha na mba á réabadh
ar mhéid is ’tá de bhainne acu

’s a stór, a stór, a ghrá
Ó ’s a stór, a stór, an dtiocfaidh tú?
’s a stór, a stór, a ghrá
Orú an dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú?

Thart tóin an gharraí,
a Mháire, ’bhfuil an fhidil leat?
Aicearra na bprátaí
go dtéimid ’sair an fhidileoir

’s a stór, a stór, a ghrá
Ó ’s a stór, a stór, an dtiocfaidh tú?
’s a stór, a stór, a ghrá
Orú an dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú?

Bhí mé lá den tsaol
’s bhí cion amuigh is istigh orm
Ach nach mór a d’athraigh an saol
nuair nach bhfuil cion ag duine ar bith orm?

’s a stór, a stór, a ghrá
Ó ’s a stór, a stór, an dtiocfaidh tú?
’s a stór, a stór, a ghrá
Orú an dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú?

’s a stór, a stór, a ghrá
Ó ’s a stór, a stór, an dtiocfaidh tú?
’s a stór, a stór, a ghrá
Orú an dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú?

A Stor A Stor A Ghra Lyrics performed by Altan are property and copyright of the authors, artists and labels. You should note that A Stor A Stor A Ghra Lyrics performed by Altan is only provided for educational purposes only and if you like the song you should buy the CD


What is the meaning of A Stor A Stor A Ghra lyrics?