Ar meisce cha dtéim níos mó  	 
Braon leanna go deo ní bhlaisfidh mé 	
Ó chaill mé mo chailín beag óg 	
A chuireadh i mo phócaí an t-airgead 	
	 
Curfá 1: 	
Is fada liom uaim í, uaim í 	
Is fada liom uaim í ó d'imigh sí 	
Is fada liom thíos agus thuas í 	
Molly na gcuach Ní Chuilleanáin 	
	 
Dhéanfaidh mé tigh ar an ard 	
Is beidh ceithre ba bainne breaca agam 	
Is ní ligfidh mé 'n duine dá gcomhair 	
Ach Molly deas bhán Ní Chuilleanáin 	
	 
(Curfá 1) 	
	 
Curfá 2: 
Is fada liom uaim í, is fada liom uaim í
Is fada liom uaim í ó d'imigh sí 	
Is fada liom thíos agus thuas í 	
Molly na gcuach Ní Chuilleanáin 	
	 
Dá mbeinnse i ndeacair an bháis 	
Is na daoine a rá nach dtiocfainn as 	
Ní dhéanfainn mo thiomna go brách 	
Go dtiocfadh Moll bhán Ní Chuilleanáin 	
	 
(Curfá 2, curfá 1) 	
	 
Bhí mise lá ar an choill 	
Is tharla dom soilse bhrádóige 	
Dhéanfadh sí marbhán beo 	
Nó buachaill deas óg den tseanduine 
	 
(Curfá 1, curfá 2 2x)
 
Molly Na GCuach Ni Chuilleanain Lyrics performed by Altan are property and copyright of the authors, artists and labels. You should note that Molly Na GCuach Ni Chuilleanain Lyrics performed by Altan is only provided for educational purposes only and if you like the song you should buy the CD

 
  
 