Go To Top

Tiocfaidh An Samhradh (Summer Will Come) Lyrics

Tiocfaidh an samhradh
Agus fásfaidh an fhear
Tiocfaidh an duilliúr ghlas
Ar bharr na gcraobh
Tiocfaidh mo rún searc
Le bánú an lae
Agus buailfidh sí tiúin suas
Le cumhaidh i mo dhiadh

Is óg's is óg a chuir mé
Dúil i ngreann
Dhéanfainn súgradh
Le mo rún ar faill
Níl baile cuain ar bith
'A ngluaisfinn ann
Nach bhfaighinn maighdean óg
Deas a thrialladh liom

Splóid ar an fharraige
Ná is í atá mór
Is í atá a gabhail idir mé
Is mo mhíle stór
D'fhag sí ar an bhaile seo mé
A déanamh bróin
Is gan aon súil lena feiceál
Arís níos mó

Scairt mé aréir
Ag an doras ann
Scairt mé arís
Ar mo rún go teann
'Sé duirt a daidí liom
Nach raibh sí ann
Ná gur ealaigh sí aréir
Leis an buachaill donn

Tiocfaidh An Samhradh (Summer Will Come) Lyrics performed by Altan are property and copyright of the authors, artists and labels. You should note that Tiocfaidh An Samhradh (Summer Will Come) Lyrics performed by Altan is only provided for educational purposes only and if you like the song you should buy the CD


What is the meaning of Tiocfaidh An Samhradh (Summer Will Come) lyrics?