Go To Top

Maire Mor Lyrics

Tá bean a'msa in Arainn Mhór
Is bean eile in Inis Bearachain
Ach mo ghrá i Maire Mhór
Is i an bhean is fearr ar fad acu

Is oró Mhaire Mhór
Is a Mhaire Mhór a dtiocfaidh tú?

Is grá mo chroí mo stóirin
Is tú nach ndearfadh tada liom
Is tú a chuirfeadh na fataí móra
I dtaisc ar leic an teallaigh dhom

Is oró Mhaire Mhór
Is a Mhaire Mhór a dtiocfaidh tú?

Ni le faochain na le barnigh
Na le blath na scailliún dearga
A mheall mise Maire Mhór
Ach le fuisce láidir Shasana

Is oró Mhaire Mhór
Is a Mhaire Mhór a dtiocfaidh tú?

Mura dtiocfaidh tu mar gheall tú
Go mbáitear ins sa gcladach thú

Is oró Mhaire Mhór
Is a Mhaire Mhór a dtiocfaidh tú?

A bhfeicfeá Maire Mhór i
Dul sráideannaí na Gaillimhe
Gan falach ar a bráid
Ach cóta mór a' charraera

Is oró Mhaire Mhór
Is a Mhaire Mhór a dtiocfaidh tú?

Dá mbeinne 'n Arainn Mhór
Is mo bhád seoil bheith faoi lucht agam
Nach deas 'thornálfainn an ród
Ach Maire Mhór a bheith faoi deic agam

Is oró Mhaire Mhór
Is a Mhaire Mhór a dtiocfaidh tu?

Bhí yes aici 's bhí no aici
Is ar ndóigh bhí what not aici
Is murach lucht a' Bhéarla
Nach gcuirfinn Dandy cap airthi

Is oró Mhaire Mhór
Is a Mhaire Mhór a dtiocfaidh tú?

Mura dtiocfaidh tú mar gheall tú
Go mbáitear ins sa gcladach thú

Is oró Mhaire Mhór
Is a Mhaire Mhór a dtiocfaidh tú?

Mura dtiocfaidh tú mar gheall tú
Go mbáitear ins sa gcladach thú

Is oró Mhaire Mhór
Is a Mhaire Mhór a dtiocfaidh tú?

Maire Mor Lyrics performed by Dervish are property and copyright of the authors, artists and labels. You should note that Maire Mor Lyrics performed by Dervish is only provided for educational purposes only and if you like the song you should buy the CD


What is the meaning of Maire Mor lyrics?